Stair Rann na Feirste

Teacht Chlann Mhic Grianna go Rann na Feirste

 

Le ghabháil i mbun an scéil seo bheadh sé seafóideach amach is amach a ghabháil thar an cuntas a tháinig ó bhéal Sheáin Bháin Mhic Grianna féin, mar atá sé le fáil sa leabhar, ‘Ceoltaí agus Seanchas Rann na Feirste le Seaghán Bán Mac Grianna’ 1976 (Eag.) Ioseph Ó Searcaigh, arna fhoilsiú ag Coiste Choláiste Bhríde Rann na Feirste. Seo a leanas leathanach tosaigh an leabhair sin agus an seanchas faoina chuid daoine muinteartha mar a bhí ag Seán Bán.

 

Seán Bán Mac Grianna 1905 – 1979

Corradh mór le dhá chéad bliain ó shin ní raibh cónaí ar bith i Rinn na Feirste. Níl a fhios agam cá huair a bhí na coillte ann, ná cá huair a thit siad, ach bhí siad ann agus a shéala air go dtí an lá a bhfuil inniu ann. baineadh oiread grágán as an talamh agus a dhéanfadh toirt chomh mór le cnoc na hEaragaile agus tá neart acu fágtha go fóill ann. Ach ar scor ar bith nuair a tháinig Seán Mac Grianna ar dtús go bhfaca sé Rinn na Feirste, thit sé i ngrá leis. Cibé pictiúr a chonaic sé ann ní dhéanfadh a dhath maith dó ach cónaí a dhéanamh ann. Chuaigh sé chuig an tiarna agus chuir sé ceist air cad é luach na háite. Cúig phunt agus cúig scilling de chíos bliana. Bhí luach mílte punt de adhmad agus de mhóin ann san am sin. Ach ní raibh a dhath eile ann ach sin. Ní raibh luach na háite ag Seán, nó bhí sé bocht drabhlasach agus ní raibh sé ag iarraidh airgid ná saibhris. Áit álainn a bhí dedhíobháil air. Ní raibh a dhath ann san am sin

ach sliabh agus bunanna crann, nó crainn a bhí ina luí agus an talamh fásta thart orthu. Ar scor ar bith thug a dheartháir Pádraig, thug sé sin dó na cúig phunt agus cheannaigh siad an áit. Tháinig sé agus chuidigh sé leis bothóg a dhéanamh. Agus nuair a chonaic sé an cineál áite a bhí ann, smaoinigh sé gurbh fhéidir do fhear a bheatha a thabhairt i dtír ann. Roinn siad an baile ina dhá chuid, phós siad agus rinne siad cónaí ann. Chuaigh Pádraig ar an fhoscadh ar ndóigh, an áit a mheas sé ab fhearr a d’fhónfadh dó. Ba chuma le Seán ach radharc álainn agus chuaigh sé siar chun na Báinseadh, an taobh ba loime den bhaile. Bhí sin maith go leor, lá Samhraidh – ar fheabhas. Ach nuair a thiocfadh oíche na doininne sa Gheimhreadh, bhí Seán bocht múscailte ar eagla go dtitfeadh an teach air nuair a bhí Pádraig ina chodladh go sámh. Ní raibh iúl ar bith ag Sean ar obair. Ba é an rud ab fhearr leis, ceol agus filíocht agus radhairc áille agus dá réir sin. Chaith sé a shaol mar sin agus ní raibh gar a bheith ag caint; ní thiocfaí é a athrú. ba sin mar a rugadh é, ba sin mar a beathaíodh é agus ní féidir a bheith ag diúl go dtiocfaí adhmad a dhéanamh de iarann na iarann a dhéanamh de adhmad. Bhí scéalta greannmhara inste faoin fhear chéanna. Bhí sé beo bocht agus bhí Pádraig go han-mhaith dó, ach bhí sé míshásta leis cionn is gur lig sé a mhaidí le sruth. Oibrí dlúsúil a bhí i bPádraig . . . fear saolta a bhí ann, fear nach ligfeadh bomaite chun dearmaid na bomaite amú. Bhí Seán ar an dóigh eile ar fad agus ní thiocfaí tabhairt air smaoineamh ar a bheatha a thabhairt i dtír ar dhóigh ar bith ach lena chuid samhlóidí, lena chuid aislingí, lena dhea-ghlórtha agus lena chuid smaointe deasa. ……….

 

Seosamh Mac Grianna (Iolann Fionn)1900 -1990

 

Cuntas Sheosaimh Mhic Grianna ón Druma Mór faoi theacht na ndaoine go dtí’n taobh seo tíre.

 

Anoir as na talta méithe a tháinig na daoine an t-am sin. Chuir na Gaill amach as a gcuid tuath agus triucha céad iad i mbéal a gcinn, le beatha a bhaint as an áit ar ghnách lena gcuid caorach a bheith ag fáil tormais uirthi. Cartadh cuid acu isteach fá ghleanntáin eadar shléibhte, in áiteacha ar leasaigh na haibhneacha an úir agus a mb’fhéidir curaíocht, dá laghad í, a  dhéanamh. Ach thug an tuile léi a mbunús chun na gcaorán de chois cladaigh, agus rinne siad cathracha an áit nach raibh ach canach agus cíb.

 

Sin an fáth go bhfuil breacadh de thithe geala le feiceáil ar na caoráin sin inniu. Tá, agus páirceanna glasa ann de phrátaí agus de choirce agus de fhéar, ina mionléabóga, go dtí nach dtabharfá de shamhailt don cheantar uilig ach garraí mór. Tá ba bliochtúla ann, agus asail agus corrchapall, agus a oiread madadh agus a bhí ag an Fhéinn.Tá bádaí geala áille fá na caslacha;

 

tá spádaí agus  speala agus corráin fá na páirceanna agus fá na sciobóil. Tráthnóna samhraidh, cluinfidh tú tormán rámhaí ar chuanta. Cluinfidh tú fosta géim bó nó búireach asal; agus oíche ar bith sa bhliain, cluinfidh tú glaim na mílte madadh ag strócadh  shíocháin na síoraíochta lena gcuid tiardais agus tapóg. Sin na fuaimeanna is gnách a bheith sa chathair seo ar an chaorán atá scoite i bhfad ó na cathracha atá i gcroí na tíre agus nach gcluin ach céimneach na rothaí agus  seitreach na n-inneall.

Tá an oiread seo de bhua ag an cheantar de thairbhe a bheith scoite ó shiúl na ndaoine agus  ó ionadacha an tsaibhris: tá an Béarla agus an ghalltánacht ceilte air, bíodh sé lena leas nó lena aimhleas. Tá sé ar áit de na háiteacha a rachadh an té a bheadh ar lorg glan Ghaeilge agus seanchais ársa na nGael. Bhí scoltacha filíochta ann le cuimhne na seandaoine atá anois ann.

An Druma Mór (lgh 2/3)

 

Spléacadh beag faoi mar a mhair na daoine ó alt a scríobh Seosamh Mac Grianna ina leabhar Filí gan Iomrádh

 

Bhaineadh siad barr gortach agus giotaí fuara caoráin, agus mharbhadh siad corr bheathach éisg. Sin a raibh de ghléas beo acu, agus chan ar obair a bhí a n-umhail…. Ní rabh ar a n-umhail acht troid agus filidheacht agus seanchas….. Bhí a gcroidhe astoigh i bhfilidheacht agus i sgéalaidheacht. Tá cuid den litridheacht sin fágtha. Acht ní mó na go dtig linn i gceart a thuigbheáil goidé an saidhbhreas Gaedhilige  a bhí acú. Sinne a chualaidh seandaoiní a bhí leith-chéad nó trí scór bliadhain níos sine na muid féin ag cainnt Gaedhlige, tá a fhios againn go bhfuil oiread Gaedhilge acú a bharraidheacht orainne agus tá againne a bharraidheacht ar lucht na ‘nua-Ghaedhilge’ …. Daoiní uaisle, teinntridhe, a bhí sásta le bothóga fód, agus le tráth ná beirt de phreataí  ná de bhrachán choirce ‘sa lá, fhad agus thiocfadh leobhtha gníomh éifeachtach a dhéanamh i gcionn bata, ná amhrán filiúnta a chur indhiaidh a chéile. Agus gann i mbiadh agus mar bhí siad, ba iad a bhí neartmhar, chan ionann sin agus an dream atá anois ann.         Mac Grianna. Seosamh, (1926) Filí gan Iomrádh,

 

Séamas Ó Grianna (Máire) 1889 – 1969

 

Le blaiseadh a fháil ar an saol a bhí ag bunadh Rann na Feirste i ndeireadh  an 19ú haois deir Tomás Ó Fiaich ar an ábhar,   “Dá dtigeadh an lá choíche a chaillfí gach foinse staire ó Rinn na Feirste i ndeireadh an 19ú haois … d’fhéadfaí saothar ar stair Rinn na Feirste san  aois sin a athchruthú as leabhair Mháire a bheadh chomh hiomlán leis an méid a cailleadh, agus i bhfad níos bríomhaire, níos spéisiúla agus níos daonnúla” Ó Fiaich, Tomás, (1974) Léachtaí Cholm Cille An Sagart

 

Mar atá luaite thuas ag an Chairdinéalach Ó Fiaich tá gnéithe de stair shóisialta Rann na Feirste san 20 haois le fáil chomh fras i gcuid scríbhneoireachta Shéamuis Uí Grianna. Seo thíos  sampla dá leithéid nuair a fheictear Conall Pheadair Bhig agus é ar lorg mnaoi sa scéal ‘Grásta ó Dhia ar Mhicí’ as an chnuasach gearrscéalta sin ‘Cith is Dealán’.

                                                                 Grásta ó Dhia ar Mhicí

Tháinig am na lánúineach agus ba mhaith le Conall Pheadair Bhig bean aige. Ní bheadh sé rófhurast cleamhnas a dhéanamh dó, nó duine a bhí ann nach deachaigh mórán amach fríd dhaoine  riamh. Ní théadh sé chun an Aifrinn ach uair sa bhliain, agus ba sin Lá Fhéil Pádraig. Mura dtéadh féin, chan díobháil creidimh a bhí air ach díobháil éadaigh. Ní fhacthas riamh culaith fhiúntach air mar a tífeá ar dhuine eile Ní bhíodh air ach bratóga beaga saora a cheannaíodh a mháthair dó ar na haontaí. Agus chasfaí cuid mhór ort a déarfadh dá gcuirtí an chulaith ba deise a rinneadh riamh air go sínfeadh sé é féin sa ghríosaigh inti agus a dhroim leis an tine.

 

Ach, ar scor ar bith, ba mhaith leis  bean aige. Agus ar ndóigh, chan achasán atá mé a thabhairt faoi sin dó. Níl mé ach ag inse gur mhaith leis aige í. Níl mé ach ag inse gur mhaith leis aige í. Agus bhí sé ag bráth í a bheith aige roimh an Inid sin a bhí chugainn. Anois bhí dhá rud de dhíth air-bean agus bríste. Ní raibh aon snáithe ar an duine bhocht ach seanbhríste a bhí lán poll agus paistí, agus greamanna de shnáth chasta agus de shnáth olla agus den uile chineál shnátha ón bhásta go dtí barr na n-osán.

 

A mháthair,’ arsa Conall lena mháthair  , i ndiaidh a inse di go raibh rún aige a ghabháil chuig mnaoi, ‘cha dtiocfadh leat luach bríste é thabhairt domh?’

 

‘Ní thiocfadh liom a mhic,’ ar sise. ‘Níl aon phingin rua faoi chreatacha an tí ach airgead na ngearrthach. Agus caithfidh mé sin a chur le Méaraí Pheigí Teamaí amárach chun an Chlocháin Léith. An bhfuil an bhean agat? Má tá, ba choir go rachadh agat bríste a fháil ar iasacht.’

 

‘ Tá náire orm,’ arsa Conall, ‘a ghabháil a dh’iarraidh iasacht bríste a phósfas mé.’

 

‘Ní bhíonn fear náireach éadálach ,’ arsa an mháthair. ‘Is iomaí fear chomh maith leat a pósadh sna hiasachtaí . Gabh amach a chéaduair agus faigh bean, agus nuair a bheas sí agat gabh chuig Simisín ‘Ac Fhionnaile, agus iarr iasacht bríste air. Tá Simisín agus mé féin ag maíomh gaoil ar a chéile, agus má tá dáimh ar bith ann ní dhiúltóidh sé thú.’

 

‘Má chaithim a ghabháil a dh’iarraidh na n-iasacht,’ arsa Conall, ‘nach fearr domh an bríste a iarraidh a chéaduair, ar eagla, nuair a gheobhainn an bhean,go bhfágfaí i mo shuí ar mo thóin mé de dhíobháil bríste?’

 

‘Nach mbeadh sé lán chomh holc,’ arsa an mháthair ‘dá bhfaightheá an bríste agus dá bhfágthaí i do shuí ar do thóin thú de dhíobháil mna? Ach agat féin is fearr a fhios, creidim.’

 

Duine beag cneasta bláfar a  bhí i Seimisín ‘Ac Fhionnaile. Agus bhí rud aige nach raibh ag mórán eile ach é féin. Bhí, trí bhríste . Bríste Domhnaigh, bríste chaite gach aon lá, agus bunbhríste. Ba é an bunbhríste a thug sé ar iasacht do Chonaill Pheadair bhig. ‘Cuir cúpla dúblú i gceann na n-osán ,’ ar seisean, ‘nó níl tú chomh fada sna cosa liomsa.Agus anois, ádh mór ort.’

 

‘ Tá an bríste agam,’ arsa Conall leis féin. ‘Níl de dhíobháil orm anois ach an bhean.’

 

Bhí cailín ar an bhaile a raibh a shúil aige uirthi, mar a bhí Sábha Néill Óig. Is minic a casadh air í agus chonacthas dó gur dheas an cailín í, ach ní bhfuair sé uchtach riamh gnoithe pósta a chur ina láthair.

 

Ach, ar ndóigh, ní raibh feidhm air sin a dhéanamh.Chuirfeadh sé teachtaireacht chuici, an rud a níodh cuid mhór de chuid fear Cheann Dubhrainn. Chuaigh sé chun comhrá le Micí Sheáinín Gréasaí. Buachaill briscghlórach a bhí i Micí, agus bhí sé iontach geallmhar ar Shábha Néill Óig.

 

‘A Mhicí, ‘arsa Conall, ‘tá mé ag smaoineamh a ghabháil chuig mnaoi.’ ‘ Tá an t-am de bhliain ann, a bhráthair,’ arsa Micí. ‘Ba mhaith liom dá n-iarthá thusa an bhean domh,’ arsa Conall. Iarrfad agus míle fáilte.’ arsa Micí. ‘Fágfaidh mise socair thú, a chailleach, agus beidh oíche mhór againn ar do bhainis nach raibh a leithéid sna Rosa le cuimhne na ndaoine.Cé chuici a bhfuil tú ag bráth a ghabháil?’ Tá, maise, cailín beag lách atá i mo shúile le fada – Sábha Néill Óig.

 

Sábha Néill Óig!’ arsa Micí, agus iontas an domhain air. Nárbh í sin an bhean a raibh rún aige féin a ghabháil chuici? Nach mbeadh port buailte dá n-imíodh sí le fear eile air? Níor mhaith le Micí pósadh go ceann cúpla bliain eile. Bhí eagla air , dá bpósadh, go bhfágfadh a athair ar an ghannchuid é. Agus ansin, bhí eagla air go mb’fhéidir go raibh a oiread den tseaneagnaíochtm ag Sábha agus, dá dtigeadh fear eile thart eadar an dá am, go santódh sí éan ina dorn de rogha ar dhá éan sa choill.

 

‘Is fearr duit bean inteacht eile é fheiceáil,’ arsa Micí. ‘Cluinimse go bhfuil lámh is focal eadar Sábha Néill Óig agus Pat Rua as Mulla na Tulcha. Agus níor mhaith duit do dhiúltú. Sin an rud is measa a d’éirigh d’aon fhear riamh. Nó an bhean a bheadh ar bharr a cos ag gabháil leat anocht, ní amharcódh sí sa taobh den tír a mbeifeá san oíche amárach ach fios a bheith aici gur diúltaíodh thú. Chan tusa sin ach fear ar bith eile chomh maith leat. Tá ciall iontach ag na mná. Chaitheamh bean acu seacht saol díomhaoin sula nglacadh sí fuíoll mná eile. Dá mba thú ní bhuairfinn mo cheann le Sábha Néill Óig.

 

Féach an nasc seo le haghaidh comhrá le Dinny Ó Domhnaill as Rann na Feirste  ag seanchas faoi Chlann Mhic Grianna.

 

http://www.bealoideas.com/faiscat.php?sloinne=%D3%20D%F3mhnaill&ainm=Dinny%20Dh%F3mhnaill&focat=Fil%ED&idf=117&codc=Stairsheanchas

 

Suíomh Idirlín:  http://www.bealoideas.com

 

 

 

 

 

 

 

 

COLÁISTE BHRÍDE 

Tháinig an t-athair Lorcain ó Muirí go Rann na Feirste faoi Shamhain i 1925. Bhí sé ag cuartú áite le coláiste samhraidh a thógailt. Bhí sé ar lóistín ‘dtigh Shearcaigh agus thug sé cuairt ar na ceanntracha Gaeltachta i dTír Chonaill mheas sé go raibh neacht tithí faoi Ghaoth Dobhair faoi choinne "lóisteoirí" ach b’fhearr leis an Ghaeilge a bhí i Rann na Feirste. Inseoidh dó go raibh áiteacha go leor loistín i Rann na Feirste fosta agus mar sin shocair sé choláiste a bhunadh ansin.

Thug Johnny Sheimisín giota talamh do ar ard na bfhaoileog agus thóg Donnchadh Phadaí Shéainín an Choláiste dó. Tháinig na chéad scolairí i mhí Iúl 1926 agus ba sa Scoil Náisiúnta a bhí na ranganna acu. Bhí Coláiste Bhríde réidh faoi choinne na scoiláirí a thainig i mí Lunása. C. 50 scoiláire a tháinig an Samhradh sin. Daoine fásta (múinteoirí) ba mhó a bhí iontu.

Níor mhair an Coláiste sin i bhfad áfach. Tháinig oíche mhilltineach gaoithe móire i Mí Feabhra 1927 ag níor fágadh clár den choláiste nár siabadh ar shiúl. Nuair a tháinig an t-athair Lorcán arais go Rann na Feirste shocair sé coláiste eile a thógailt agus an t-am seo thóg sé láthair eile – Árd na bhfeannóg in aice leis an characaman. Fuair sé an talamh ó Phadaí Shéainín Pheadaí. Thóg sé an obair thógála do Dhonnchadh Phadaí Shéainín arís agus bhí coláiste úr le 4 sheomra foscailte i mí Iúl 1927. 70 scoláire a tháinig an bhliain sin.

I 1929 tógadh an choláiste bheag mar ionad Aifrinn ach do réir mar bhí uimhir na scoláirí ag méadú b’éigean ranganna a chuir ann.

Cuireadh dhá sheomra eile leis an fhoirgneamh i 1934. Mheádaigh uimhir na scoláirí achan bhliain agus b'éigean ranganna a chur ar siúl i gcuid dena sciobóil ar an bhaile.

Bhí sé soiléir go raibh sé thar am giota eile a chur leis an choláiste. Rinneadh sin i 1961 nuair ceanglaíodh píosa úr 8 seomra leis an seancholáiste.

I 1946 ceannaíodh talamh ó Tharlach Bhraghnaigh óig agus rinneadh páirc peile.

I 1947 ceannaíodh teach cónaithe John Dhonnchaidh sé sin teach na coláiste inniu. I 1940 cheannaigh Coiste Choláiste Bhríde, Coláiste Pádraig i Loch na nDeorán. Ón ath ó Brollachain agus tá sí seo mar chuid de Choláiste Bhríde ó shin.

B’é an t-athair Lorcán ó Muirí fhéin a reachtáil an choláiste anuas go 1937 nuair a ceapadh coiste stiúrtha agus cuireadh an choláiste faoi bhráid chomhaltas Uladh. Bhí Pádraig mac Conmí ina Uachtaran ar an chólaiste ó am an t-athair Lorcáin go dtí 1975.

Suíomh Idirlín :  http://homepage.tinet.ie/~ranafastns/colaiste.htm