Discography

Seosamh Mac Grianna (Joe Mhicí Jimí)
Saolaíodh agus tógadh Joe Mhicí Jimí i Rann na Feirste áit a bhfuil cónaí air go fóill agus is fada é i mbun a’ cheoil. Seinneann sé ar an fheadóg stáin agus tá sé lán go cumasach ar an bhocsa ceoil chomh maith agus ar an ábhar sin is fiú cluas a thabhairt don dlúthdhiosca seo. Sár obair déanta ag Mánus Lunny i mbun a’ léiriúchán le cois tionlacan ar an ghiotár agus ar an bhasúcaí. Ligeann na ceithre ceoltóir eile – John Michael Ó Domhnaill Giotár, Joe Óg Mhicí Jimí agus Michael McGoldrick Feadóga ísle agus Stephen Campbell ar an fhidil agus vióla deis do Joe a chumas féin ceoil a thabhairt chun tosaigh trí thionlacan caolchúiseach a chur ar fáil gan cur isteach ar chur i láthair Joe féin. Ar an diosca seo gheofar meascán de phoirt, ríleanna, cúpla tiúin mall, cúpla máirseáil agus corn phíopa.
Is fíor annamh sa lá atá inniu ann a thagann seoda feadóige mar seo chun solais agus ar ábhar sin bheadh sé neamartach gan cóip do seo a bheith idir láimh agat.