Discography

G-Seal Gan Ghruaim

Dlúth Dhiosca : Seal Gan Ghruaim

Rianta:
1.      An Bánaí Drabhlásach
2.      Cearc agus Coileach
3.      An Bhanaltra
4.      Tá mé ‘mo Shuí
5.       Úna Uí Chonchubhair Bháin
6.       Siobhán Ní Dhuibhir
7.       Geaftaí  Bhaile Buí
8.       Éirí ‘s cuir ort do chuid Éadaigh
9.       An Droighneán Donn
10.    Jinny Dheas a Dheigh-Bhean
11.    Ainnir Dheas na gCiabhfholt Donn
12.    An Seanduine Dóite

Léirmheas

 “Croí agus anam, an dá fhocal a ritheann liom agus mé ag éisteacht le hAodh Mac   Ruairí a’ rá meascán d’amhráin  ársa agus cúpla amhrán ó Chlann Mhic Grianna óna cheantar dúchais, Rann na Feirste.
Cuireann sé séala úr ar na ceoltaí agus deis dúinne ‘Seal Gan Ghruaim’ a chaitheamh ag éisteacht leo.”
 -Mairéad Ní Mhaonaigh, Altan

 

Beathaisnéis

Cé gur i gCathair Ghlaschú in 1966 a tháinig mé ar a’ tsaol, bhí sé de d’ádh orm go ndearna mo theaghlach an cinneadh Rann na Feirste a bhaint amach sula raibh mé sé bliana slánaithe. Ba ansin a thosaigh an ceol ag gabháil i bhfeidhm orm agus mé ag éisteacht le mo mháthair mhór ag drandán ceoil agus í ag timireacht fán teach. Is mó go mór na rudaí a chuaigh i bhfeidhm orm le linn na mblianta sin. Déanta na fírinne tá mé beagnach cinnte go raibh mé féin agus lucht mo chomhaimsire ar an ghlúin dheireanach a fuair blaiseadh beag den seansaol mar a bhíodh. Fuair mé deis éisteacht le fonnadóirí agus scéalaithe aitheanta an bhaile agus is cinnte gur mar gheall ar sin go dtug mé grá don stíl filiúnta rithimeach Gaeilge a bhítí a labhairt ag am.

 

Ba i Rann na Feirste chomh maith a chonaic mé teacht chun cinn ré úr an cheoil i bhfoirm Clannad, cé nach raibh a fhios agam sin san am. Is cuimhneach liom, anonn sna seachtóidí ag tabhairt leathghiní uaim lena bhfeiceáil i gColáiste Bhríde. Mura mbeadh siad gan nóta ceoil ar bith a sheinm ar an oíche sin bhí luach mo chuid airgid faighte agamsa ar an ábhar go bhfaca mé an fhidil a ba mhó a chonaic mé riamh (olldord) agus iontas orm cén cineál fear a bhí ag gabháil i mbun coraíochta leis an acra seo. Ach nuair a thóg Ciarán Ó Braonáin an t-acra, thug sé dhá rud chun soiléireachta dom agus is iad sin, nach seinntear í mar ghnáth fhidil agus an dara rud ná go seasann an ghruaig ar chúl do mhuiníl nuair a sheinntear í. Ba ag an bhomaite sin a tuigeadh dom go raibh rud inteacht draíochtúil spioradálta bainteach leis an cheol, nach dtáinig i dtír orm go dtí sin. Bhí cuid ceoil Sheoirse Uí Dhochartaigh leis an cleas céanna a imirt orm le linn na mblianta sin chomh maith agus bhí sé de ádh orm oibriú leis blianta fada ina dhiaidh sin. Ar na loirg eile a fágadh orm ó thaobh an cheoil de tá mé go mór faoi chomaoin Chlann Uí Dhomhnaill agus Hughie Phadaí Hiúdaí go háirithe.

 

Ar scor ar bith ba é sin a thús agus ná tagadh a dheireadh go ceann tamailt. Idir an dá linn tá súil agam go mbainfidh tú taitneamh beag as mo chuid iarrachtaí, ‘Seal gan Ghruaim’.