Club Óige Rann na Feirste

Bunaíodh Club Óige Rann na Feirste in 2002 agus i láthair na huaire tá thar 60 páiste cláraithe. Feidhmíonn an club faoi scáth an eagrais ‘Óige na Gaeltachta’ Riomhphoist eolas@onag.ie. Déanann an club freastal ar pháistí idir ocht mbliana d’aois agus trí bliana déag agus bíonn sé ar siúl achan Aoine ar a 5 go dtí n’ 6
Tagann na baill i gceann a chéile i seomra saintógtha agus sa halla mhór le páirt a ghlacadh i réimse leathan d’imeachtaí spóirtiúla agus spraíúla. Ar chuid de na himeachtaí tá: leadóg boird, tábla púil, haca aeir, ealaíona agus ceardaíocht, badmantan, cispheil agus peil faoi dhíon.
An Coiste:
Cathaoirleach. Tina Nì Bhaoill.
Rúnaí. Morag Nic Eachmharcaigh.
Cisteoirí.Bríd Anna Ní Bhaoill,
Margaret Mhic Ruairí.
Oifigeach Cúram Leanaí: Aodh Mac Ruairí
Baill: Tony Mac Ruairí, Róisín Mhic Daibhéid, Aideen Nic Grianna.
Déanann an Club Óige imeachtaí ar leith a eagrú chomh maith, mar ‘Deireadh Seachtaine na Gaeilge’ agus ‘Campaí Samhraidh’.
Cén Lá: Achan Aoine
Am: 5pm – 6pm
Cén Áit: Club Óige & Halla Mór
Nuacht:
Bronnadh Pearsa na Bliana ar Mhaeleachlainn Mhic Cionnaoith san Áislann anocht mar chuid d’imeachtaí Dheireadh Seachtaine na Gaeilge. Deirtear gur baineadh biongadh iontach as ar chluinstin an scéil do. Comhghairdeas leat ó chroí a Mhael, ó Chlub Óige Rann na Feirste.
Gael Fachtóir 21 Márta san Áislann