Scríbhneoirí

Ábhar ó Rann na Feirste le hÚdair Éagsúla

Mac Labhraí, Seán Rua.(2000 ) An Áit a n-Ólann an t-Uan an Bainne.

 

Scéaltaí agus seanchas a tháinig ó bhéal John Ghráinne féin.

 

Féach léirmheas ar an leabhar seo le Caitríona Ní Chleirchín ag an nasc seo a leanas:

 

Leabharmheas: An áit a n-ólann an t-uan an bainne le John Ghráinne

Hodgins, Tom. (2013) Dea-chaint John Ghráinne agus a chairde. Coiscéim 2013
ISBN 6-660012-130061

 

“How to express emotions in Irish. This book is a must for anyone who is remotely interested in the Irish language.” (Professor John Gartland, Korea National University of Education).

 

“The voices are real, not abstract artifacts designed to fit our pre-conceived images…They share their joy, their pain, their rage, as they bring together for us their words in times and spaces we can recognize as our own” (Dr. Steve Conlon, Head of Graduate School of English, ABAC Assumption University, Bangkok, Thailand.)

‘Rhetoric of Beauty’ An Slabhra gan BhriseadhTom Hodgins

 

Sa leabhar is déanaí ó Tom Hodgins tá an t-údar ar thóir a shealbha is ar thóir fhréamhacha an dúchais. Léiríonn sé slabhra neamhbhriste an dúchais sin trí léiriú suimiúil a thabhairt dúinn ar fhilíocht, ar sheanchas agus ar chuimhní cinn ó Rann na Feirste

Ábhar ar Mhicí Sheáin Néill Ó Baoighill.

 

 

Mag Uidhir, an Athair Seosamh (1965) Maith Thú a Mhicí.

Le heolas ar shaol agus ar shaothar Mhicí Sheáin Néill Ó Baoill téigh chuig an nasc seo a leanas:

 http://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=483

 

Scéalta béaloidis ó bhéalaithris Mhicí Sheáin taifeadta, bailithe agus curtha in eagar ag anAthair Seosamh Mag Uidhir.

Ó Searcaigh an Athair Lorcán. (1983) 

 

Scéalta, Paidreacha agus filíocht a tháinig ó bhéal Mhicí Sheáin agus a chur in eagar ag an Athair Lorcán Ó Searcaigh.

Póirtéir, Cathal (1993) Micí Sheáin Néill,  Scéalaí agus Scéalta

 

Scéal a bheatha agus anailís ar a stíl a chuid scéalaíochta le Cathal Póirtéir.

Maeleachlainn Mac Cionaoith.

 

Iar léachtóir le hinstitiúid an Ard Léinn Cheiltigh Baile Átha Cliath.

Mac Cionaoith, Maeleachlainn. ( 2005 ) Seanchas Rann na Feirste, Is fann guth  an éin a labhras leis féin.  Coiscéim, Baile Átha Cliath.

 

Tá an leabhar seo ar fáil go digiteach anois agus is féidir éisteacht leis na scéalta mar a tháinig siad ó bhéil na scéalaithe féin mar atá John Ghráinne, Seán Bán Mac Grianna, Annie Bhán Nic Grianna agus Donnchadh Chassie Ó Baoill ach dornán acu a lua.         www.rannnafeirste.com

Seanchas Annie Bhán (1997) Gordon W. MacLennan. Edited and translated by Alan Harrison & Máirí Elena Crook. 270 pages

 

  • Foilsitheoir: Roberts Rinehart Pub

  • Teanga: Gaeilge/Béarla

  • ISBN-10: 1898473846

  • ISBN-13: 978-1898473848

Ba deirfiúr í Annie Bhán leis na scríbhneoirí Seosamh agus Séamus Ó Grianna agus ní iontas ar bith mar sin, bua na scéalaíochta a bheith léi. Rinneadh taifead agus bailiúchán ar a cuid scéaltaí den chéad  uair in  sna tríochaidí.  Sa leabhar seo tá aistriúchán déanta de bhunleagan na scéaltaí agus réamhrá faoi thraidisiún bhéil agus Ghaeilge an cheantair.

 

Tel: (074) 956 2222

 

Áislann Rann na Feirste

Rann na Feirste
Co. Dhún na nGall, Éire

Na Meáin Shóisialta

 

  • Facebook Social Icon