Tús maith leath na hoibre
Bunaíodh an choiste sa bhliain 1997 agus ó shin cruinníodh go leor airgid fá choinne na Aislainne trí imeachtaí a d’eagraigh an coiste agus rannphairtíocht an choiste le údaráis áirithe. Tuigeann muintir Rann na Feirste an tábhacht atá ag baint le hoidhreacht agus cultúr a sinséar a chaomhnú agus bhí sé mar sprioc acu chomh maith deiseanna eacnamaíochta a chruthú. Tá an Áislann a thógáil i bPáirc Sheáin Néill i gcroí lár an bhaile. Cheannaigh an coiste an talamh i Mí Meitheamh 1997 ó Theaghlach Sheáin Néill. Thosaigh an obair thógála ar an 18 Meitheamh 2008. Cé go bhfuair an coiste deontais fhiúntacha ó rannóga stáit tá dúshlán mór romhainn sciar an phobal áitiúil a chruinniú sa dóigh go dtig linn bogadh ar aghaidh agus tairbhe a bhaint as.
Cairt Urraíochta

Cairt ag leiriu an dul chun cinn atá déanta
Roinn na Gaeltachta: R-n-G
International Fund for Ireland: IFI
Údarás na Gaeltachta: U-na-G
Muintir Rann na Feirste: Muintir RnF
Ceannaigh
Bríce Anseo
|