Sa bhliain 1736 tháinig beirt dheartháir Pádraig agus Seán 'Ac Grianna go Rann na Feirste le cónaí a dhéanamh ann. Ba é blár portaigh a bhí ann san am agus níor shíl Pádraig mórán de ach tháinig Seán ar lá breá Samhraidh agus thit sé i ngrá leis an áit. Bhí meoin aige do rud ar bith a bhí álainn agus shocraigh sé féin agus a dheartháir é a cheannacht ar chúig phunta. Rinne Seán cónaí i dTóin an Bhaile agus chuaigh Pádraig go Carraig an Choill. Phós siad mná as baile isteach agus thóg siad a gclann i Rann na Feirste agus tá a mbunadh i Rann na Feirste go fóill.
Ba fear ceoil agus seanchas a bhí i Seán 'Ac Grianna agus níl iontas ar bith go raibh tobar Chlainn Uí Ghrianna lán go barr le saibhreas scríbhneoireachta agus cumadóireachta. Ba de bhunadh an teaghlaigh seo Seosamh Mac Grianna, Séamus Ó Grianna(Máire), Annie Bhán Nic Grianna, Hiúdaí Mac Grianna agus Seán Bán Mac Grianna. Is iomaí leabhar a scríobh Séamus agus Seosamh idir an bheirt acu agus tá cáil ar a saothar ar fud na tíre agus níl iontas ar bith go raibh go leor filí, seanchaithe, ceoltóirí agus scríbhneoirí ar an bhaile.
"Go dearbhtha, dá gcuirtí ráca ar Éirinn uile go léir ó mhuir go muir ní thiocfadh oiread béaloidis a fhagháil i n-áit ar bith a's atá le fagháil ins an pháirt seo de Ghaedhealtacht mhóir Uladh."

Coláiste Bhríde
Coláiste Bhríde
Ba é an t-athair Lorcán Ó Muirí a bhunaigh Coláiste Bhríde Rann na Feirste i 1926. Spreag oidhreacht an bhaile é coláiste Samhraidh a bhunadh sa cheantar seo. Ba é ar Ard Chnoc na bhFaoileog a tógadh ar tús í ach tháinig oíche gaoithe móire agus fágadh ar an taobh thall de Gaoth Dobhair í. Tógadh an chéad choláiste eile ar an ísleacht an áit a bhfuil sí go dtí an lá inniu ann, Ard na bhFeannóg. Tagann na céadta scoláire idirchreidmheach ó cheann ceann na tíre gach bliain le saibhreas Gaeilge Rann na Feirste a bhlaiseadh. Is iomaí duine mór le rá a tharraing ar Rann na Feirste agus ceann de na daoine is mó a d’fhág a lorg nó an Cairdinéal Ó Fiach. Bhí sé seo ina phatrún ar Coláiste Bhríde agus tá leac cuimhneacháin tógtha in ómós dó ar bharr an Charracamáin. Tig an mhór chuid de na scoláirí seo as Tuaisceart na hÉireann agus cothaítear athmhuintearas eatarthu. Tá an nasc seo gan bhriseadh ó bhí 1926 ann.