Áislann Rann na Feirste Teo

English Version

Baile Suíomh Stair Fógraí Gailearaí Eolas Cairde Nascanna

Ceannaigh Suíochán anseo

 

 

 

‘Ar Scáth a Chéile a Mhaireas na Daoine’

Fáilte go dtí Láithreán Gréasáin Áislann Rann na Feirste

 

 

 

Áislann Rann Na Feirste

Le cúpla bliain anuas tá muintir Rann Na Feirste ag obair go díograiseach fá choinne áiseanna agus ionad ilfheidhmeach a bhunú. Spreag an smaoineamh seo muintir na háite comhoibriú leis an sprioc seo a bhaint amach ar mhaithe leis an cheantar agus ar mhaithe leis na glúinta atá le theacht. Ins an ionad seo beidh:

  • Ionad Acmhainne- Seomra imeachtaí Pobail
  • Siopa Tae agus Ceardaíochta
  • Oifig Eolais agus Riaracháin
  • Seomra don naíonra agus aonad cúraim iarscoile
  • Dhá ionad fiontraíochta/ oibre do ghnóthaí agus seirbhisí áitiúla
  • Ionad staidéir/ oidhreachta/ Leabharlann

Creidtear go mbeidh costas de €1.4milliún cáite leis an Áislann a thabhairt chun críche. Tá an tógra seo a mhaoiniú ag Údarás na Gaeltachta, Pobal, an Ciste Idirnáisiúnta d’Éirinn agus An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus Pobal Rann Na Feirste.

 

 

Tús maith leath na hoibre

Bunaíodh an choiste sa bhliain 1997 agus ó shin cruinníodh go leor airgid fá choinne na Aislainne trí imeachtaí a d’eagraigh an coiste agus rannphairtíocht an choiste le údaráis áirithe. Tuigeann muintir Rann na Feirste an tábhacht atá ag baint le hoidhreacht agus cultúr a sinséar a chaomhnú agus bhí sé mar sprioc acu chomh maith deiseanna eacnamaíochta a chruthú. Tá an Áislann a thógáil i bPáirc Sheáin Néill i gcroí lár an bhaile. Cheannaigh an coiste an talamh i Mí Meitheamh 1997 ó Theaghlach Sheáin Néill. Thosaigh an obair thógála ar an 18 Meitheamh 2008. Cé go bhfuair an coiste deontais fhiúntacha ó rannóga stáit tá dúshlán mór romhainn sciar an phobal áitiúil a chruinniú sa dóigh go dtig linn bogadh ar aghaidh agus tairbhe a bhaint as.

Cairt Urraíochta

 

Cairt ag leiriu an dul chun cinn atá déanta

 

 

Roinn na Gaeltachta: R-n-G

International Fund for Ireland: IFI

Údarás na Gaeltachta: U-na-G

Muintir Rann na Feirste: Muintir RnF

 

Ceannaigh Bríce Anseo

 

 

 

 

Bríce le ceannacht anseo

HAT Rann na Feirste